Cáirde Scoil na bhForbacha
Bhí Cáirde na Scoile an- ghníomhach le roinnt blianta anois.Thosaigh an nasc le Cáirde na Scoile thiar san Earrach 2007.
Tugann na tuismitheoirí atá gníomhach sa gCáirde seo dá gcuid ama,talainn agus dúigrais chun imeachtaí a eagrú i rith na scoilbhliana.
Is é aidhm an Choiste ná:
- Tacaíocht a thabhairt don Phríomhoide agus Foireann teagaisc na scoile chun timpeallacht foghlamtha den scoth a chruthú sa scoil.
- Chun imeachtaí agus feachtais bailiúchin airgis a eagrú do thionscadail áirithe scoil bhunaithe.
- Chun imeachtaí sóisialta a eagrú le nasc a chruthú i measc pobal na scoile
Seo a leanas cuid de na h-imeachtaí a eagraíonn an Coiste ó am go h-am:
- Maidin Chaifé
- Oíche Spraoi/Greann
- Cóisireacha Searmanais Saicriminte
- Féilirí
- Crannchur na Nollag
- Tráth na gCeist
- Maratón na Mná/Sláinte na Mara
Usáideadh gach airgead go dáta chun trealaimh agus ábhar do na ranganna a cheannacht.
Tá fáilte agus fiche roimh aon tuismitheoir a theacht agus a bheith gníomhach sa gCoiste.Glacann muid le smaointe agus tacaíocht i gcónaí.